|
Is áit éagsúil í Gaeltacht na Rinne agus an tSean Phobail (Gaeltacht na nDéise), a bhuíochas san don ngrá atá ag muintir na háite dos na hamhráintí, don gceol agus don rince traidisiúnta, agus don nGaoluinn, ar ndóigh! Daoine flaithiúil, fáiltiúil atá sa cheantar, áit le radharc tíre álainn agus beocht chultúrtha. Sí Gaeltacht na nDéise an t-aon cheantar Gaeltachta in oir-dheisceart na tíre.
Bíonn roinnt Féilte ar siúl sa Rinn gach bliain, ar nós Daonscoil na Mumhan, Féile na nOisrí agus Snámh Urraithe don mBád Tarrthála in Heilbhic. Ta roinnt mhaith Siúlóidí iontacha sa Rinn, cuid acu cois mara, cuid acu intíre, thar sean-reilig an Ghorta, Reilig an tSléibhe, mar shampla. Má theastaíonn uait cuairt a thabhairt ar Dhánlann Joan Clancy, atá lonnaithe ar bharr na haille, nó féachaint ar cheardaíocht iontach i gCriostal na Rinne, caithfí taiscéaladh a dhéanamh ar Ealaíona agus Ceardaíocht na Rinne. Ceol agus Craic...! Tá Ceol Gaelach le clos gach haon áit sa Rinn, ag na seisiúin sna tithe tábhairne áitiúla, na coirmeacha ceol agus na ceardlanna dóibh siúd atá ag foghlaim. Ná fág ha háite gan blas a d’fháil de Tháirgí Éisc an Cheantair, cois mara thoir sa Rinn. Feidhmíonn roinnt Ghnóthaí Áitiúla go rathúil sa Rinn, ar nós Nemeton Teoranta agus Meitheal Trá na Rinne Teo. Oideachas: Tá bunscoil agus meánscoil sa Rinn, a múineann trí mheán na Gaeilge. Tá Cólaiste na Rinne lonnaithe sa Rinn chomh maith, scoil chónaithe náisiúnta Ghaeilge dóibh siúd ag leibhéal na bunscoile. Ritheann an Coláiste cúrsaí samhraidh dóibh siúd ag an dara leibhéal ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid Ghaeilge. Forbairt Phobail: Tá spiorad láidir fhorbairt phobail i nGaeltacht na nDéise, agus tá roinnt mhaith grúpaí pobal ag feidhmiú sa cheantar ar mhaithe le dul chun cinn a bparóiste. |
|||||
| Add | Edit | ||||||