|
Cuimsíonn paróiste An tSean Phobail agus paróiste na Rinne Gaeltacht na nDéise. De réir an bhéaloidis, thug Naomh Colmáin an Chríostaíocht go dtí An Sean Phobal i bhfad sara tháinig Naomh Pádraig go hÉireann, rud a chialaíonn gurb é An Sean Phobal an paróiste is sine in Éirinn. Lonnaithe ar chósta Phort Láirge, idir Dhún Garbhán agus Eochaill, is paróiste cuíosach mór é An Sean Phobal, le 8 clm d’imeallbhord, ina bhfuil aillte dhrámatúla 70 méadar ar airde, clasáin dhomhain agus cuanta beaga.
Tá cáil ar an bhfarraige thart ar chósta an tSean Phobail as a bheith garbh agus tá an-chuid bháid bháite ar ghrinneall na farraige amuigh. Faigh blaiseadh de chultúr an tSean Phobail trí chuairt a thabhairt ar na Tithe Tábhairne sa cheantar.Is turas álainn don turasóir a bhfuil suim acu i gcultúr agus i stair na hÉireann, tiomáint thart thimpeall Ghaeltacht na nDéise. Feidhmíonn roinnt Ghnóthaí Áitiúla go rathúil i nGaeltacht na nDéise, ag cur fostaíochta ar fáil go háitiúil. Forbairt Phobail: Tá spiorad láidir fhorbairt phobail i nGaeltacht na nDéise, agus tá roinnt mhaith grúpaí pobal ag feidhmiú sa cheantar ar mhaithe le dul chun cinn a bparóiste. |
|||||
| Add | Edit | ||||||